Artwork

เนื้อหาจัดทำโดย Conradh na Gaeilge i Londain เนื้อหาพอดแคสต์ทั้งหมด รวมถึงตอน กราฟิก และคำอธิบายพอดแคสต์ได้รับการอัปโหลดและจัดหาให้โดยตรงจาก Conradh na Gaeilge i Londain หรือพันธมิตรแพลตฟอร์มพอดแคสต์ของพวกเขา หากคุณเชื่อว่ามีบุคคลอื่นใช้งานที่มีลิขสิทธิ์ของคุณโดยไม่ได้รับอนุญาต คุณสามารถปฏิบัติตามขั้นตอนที่แสดงไว้ที่นี่ https://th.player.fm/legal
Player FM - แอป Podcast
ออฟไลน์ด้วยแอป Player FM !

30 Meán Fómhair 2023 (Luimneach)

7:11
 
แบ่งปัน
 
Manage episode 378380605 series 2770343
เนื้อหาจัดทำโดย Conradh na Gaeilge i Londain เนื้อหาพอดแคสต์ทั้งหมด รวมถึงตอน กราฟิก และคำอธิบายพอดแคสต์ได้รับการอัปโหลดและจัดหาให้โดยตรงจาก Conradh na Gaeilge i Londain หรือพันธมิตรแพลตฟอร์มพอดแคสต์ของพวกเขา หากคุณเชื่อว่ามีบุคคลอื่นใช้งานที่มีลิขสิทธิ์ของคุณโดยไม่ได้รับอนุญาต คุณสามารถปฏิบัติตามขั้นตอนที่แสดงไว้ที่นี่ https://th.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an tríochadú lá de mhi Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá, a dhéanann ionadaíocht do scríbhneoirí teilifíse Hollywood, tar éis comhaontú sealadach a bhaint amach le feidhmeannaigh stiúideo. Tagann an comhaontú i ndiaidh míonna de stailceanna ó aon mhíle dhéag scríbhneoir, lena n-áirítear picéid stiúideonna, mar shampla oifigí Netflix in Los Angeles. D’eisigh Joe Biden ráiteas faoi dheireadh na stailce agus mhol sé cumhacht na cómhargála. Áirítear sa chomhaontú clásail a bhaineann le pá agus sochair chomh maith le gnéithe eile nach bhfuil chomh tipiciúil amhail intleacht shaorga. Agus deireadh leis an stailc, beifear ag súil go bhfillfidh seónna ar scáileáin teilifíse, agus táthar ag súil go bhfillfidh roinnt de na seónna cainte beo Meiriceánacha is mó, lena n-áirítear The Tonight Show, i mí Dheireadh Fómhair. Seans go dtógfaidh sé tamall níos faide ar sheónna eile ar nós drámaí teilifíse agus coiméide filleadh ós rud é go bhfuil aisteoirí sna seónna sin atá fós ar stailc. Rinne ceardchumainn ceangailte eile, lena n-áirítear ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar thaibheoirí agus ar chraoltóirí, tráchtaireacht ar an toradh agus bhí siad dearfach faoi thorthaí a gcuid caibidlíochta féin.

Gabhadh an méid drugaí is mó riamh in Éirinn, dar luach céad caoga seacht milliún euro, i gCorcaigh an tseachtain seo. Bhí cúinsí na gabhála an-neamhghnách - chuaigh bád iascaireachta a bhí chun na drugaí a bhailiú i dtalamh ar bhruach gainimh amach ó chósta na hAbhann Duibhe i gContae Loch Garman, agus tarrtháladh beirt fhear ón mbád. Ansin, thuirling héileacaptair arm na hÉireann ar long Panamach i gCuan Chorcaí Dé Máirt. Bhí an bád seo tar éis trioblóid innill a bheith aige agus gortaíodh scipéir an bháid sular bhain sé Corcaigh amach. Tá sé ráite gur cairtéal foréigneach Mheiriceá Theas a sholáthair na drugaí ach tá sé ráite ag údaráis go bhféadfadh go raibh baint ag “roinnt grúpaí éagsúla” in Éirinn leis. Gabhadh seachtar fear as tíortha éagsúla maidir leis an ngabháil. Dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána nach raibh na drugaí ar fad i ndán do mhargadh na hÉireann, cé go raibh siad á dtabhairt go hÉirinn ar dtús.

Bhris an reathaí ón Aetóip Tigst Assefa curiarracht dhomhanda do mharatón na mban is gasta, ag Maratón Bheirlín an deireadh seachtaine seo caite. Chríochnaigh sí an rása dhá nóiméad ní ba thapa ná an churiarracht a bhí ann roimhe seo, a shocraigh Brigid Kosgei ón gCéinia sa bhliain fiche is a naoi déag. Is é dhá uair an chloig, aon nóiméad déag agus caoga trí soicind an churiarracht nua. Dúirt Assefa gur rith sí maratón den chéad uair anuraidh, agus go raibh ionadh uirthi gur sháraigh sí an churiarracht chomh luath. Ag an deireadh seachtaine freisin bhuaigh an Céiniach Eliud Kipchoge, sealbhóir churiarracht dhomhanda na bhfear, an maratón den chúigiú huair as a chéile. Tá an churiarracht dhomhanda ag Kipchoge le dhá uair an chloig, nóiméad amháin agus naoi soicind ach bhí sé ag súil lena chuid ama a shárú, ag rá ina dhiaidh sin, “Níor chuaigh sé mar a bhíothas ag súil leis ach sin mar atá spórt”.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá - Writers' Guild of America

cumhacht na cómhargála - the power of collective bargaining

bruach gainimh - sandbank

cairtéal foréigneach - violent cartel

Céineach - Kenyan

sealbhóir - holder

  continue reading

233 ตอน

Artwork

30 Meán Fómhair 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconแบ่งปัน
 
ทุกตอน

×
 
Loading …

ขอต้อนรับสู่ Player FM!

Player FM กำลังหาเว็บ

คู่มืออ้างอิงด่วน