Artwork

เนื้อหาจัดทำโดย Conradh na Gaeilge i Londain เนื้อหาพอดแคสต์ทั้งหมด รวมถึงตอน กราฟิก และคำอธิบายพอดแคสต์ได้รับการอัปโหลดและจัดหาให้โดยตรงจาก Conradh na Gaeilge i Londain หรือพันธมิตรแพลตฟอร์มพอดแคสต์ของพวกเขา หากคุณเชื่อว่ามีบุคคลอื่นใช้งานที่มีลิขสิทธิ์ของคุณโดยไม่ได้รับอนุญาต คุณสามารถปฏิบัติตามขั้นตอนที่แสดงไว้ที่นี่ https://th.player.fm/legal
Player FM - แอป Podcast
ออฟไลน์ด้วยแอป Player FM !

27 Aibreán 2024 (Luimneach)

6:10
 
แบ่งปัน
 
Manage episode 414949834 series 2770343
เนื้อหาจัดทำโดย Conradh na Gaeilge i Londain เนื้อหาพอดแคสต์ทั้งหมด รวมถึงตอน กราฟิก และคำอธิบายพอดแคสต์ได้รับการอัปโหลดและจัดหาให้โดยตรงจาก Conradh na Gaeilge i Londain หรือพันธมิตรแพลตฟอร์มพอดแคสต์ของพวกเขา หากคุณเชื่อว่ามีบุคคลอื่นใช้งานที่มีลิขสิทธิ์ของคุณโดยไม่ได้รับอนุญาต คุณสามารถปฏิบัติตามขั้นตอนที่แสดงไว้ที่นี่ https://th.player.fm/legal

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.
D’fhógair Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, an tseachtain seo go raibh cineál stróc éadrom aige i mí Feabhra níos luaithe i mbliana. D'áitigh sé nach raibh tionchar ag an stróc ar a chumas cognaíochta ach go raibh tionchar aige ar a ghluaiseacht ar an taobh clé agus gur ghéaraigh sé na fadhbanna a bhí aige cheana féin le híochtar an droma. Labhair sé in Ollscoil Mhanchain Dé Céadaoin seo caite, áit a raibh sé ar cuairt le linn dó céim oinigh a fháil, agus áit a ndearna sé a chuid staidéar iarchéime. Dúirt sé gur ghlac sé leis an gcéim ní hamháin dó féin ach do gach imirceach agus dóibh siúd a dhéanann staidéar orthu agus a thugann aire dóibh. Dúirt sé freisin go raibh fianaise ann go raibh tionchar seachtrach ag dul i bhfeidhm ar mheon frith-inimirce in Éirinn ach go raibh tacaíocht ollmhór fós ann d’imircigh ina ainneoin sin.
Níos luaithe an tseachtain seo shínigh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden pacáiste cúnaimh nócha cúig billiún dollar don Úcráin, d'Iosrael agus don Téaváin. Dúirt Uachtarán na hÚcráine Vlodomyr Zelenzky go neartaíonn sé “ról Mheiriceá mar chomhartha daonlathais agus mar cheannaire ar an saol saor”. Bhí sé ag éileamh go gcuirfí tuilleadh cabhrach chuig an Úcráin mar go raibh an Rúis ag dul chun cinn de réir a chéile ina hionradh le seachtainí beaga anuas. Chomh maith le cúnamh díreach, cuimsíonn an bille reachtaíocht freisin chun sócmhainní na Rúise atá i seilbh bhainc an Iarthair a choigistiú chomh maith le smachtbhannaí agus foráil chun iallach a chur ar úinéir Síneach TikTok an tseirbhís meáin shóisialta a dhíol. Mura ndíolfar laistigh de naoi mí é, déanfar TikTok a dhúnadh ar fud na Stát Aontaithe mar thoradh ar an reachtaíocht.
Tá sé fógartha ag rialtas na hÉireann go bhfuil páirc náisiúnta nua á cruthú i gContae Chiarraí. Beidh an pháirc ar an bpáirc náisiúnta is mó sa tír, ag clúdach seachtó míle acra talún agus farraige le chéile agus tabharfar Páirc Náisiúnta na Mara uirthi. Beidh sé ina chéad Pháirc Náisiúnta Mara in Éirinn freisin. Áireofar sa pháirc suíomhanna timpeall an chontae, lena n-áirítear Cnoc Bréanainn, An Chonair, Trá na hInse agus an suíomh oidhreachta domhanda UNESCO ag Sceilig Mhichíl, chomh maith le roinnt oileán amach ón gcósta. D’fhógair an tAire Noonan, an tAire Stáit don Dúlra agus Oidhreachta an seoladh Dé Luain, Lá Domhanda na Cruinne.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

íochtar an droma - the lower back

céim oinigh - honorary degree

pacáiste cúnaimh - aid package

sócmhainní na Rúise - Russian assets

suíomh oidhreachta domhanda - world heritage site

Lá Domhanda na Cruinne - Earth Day

  continue reading

233 ตอน

Artwork

27 Aibreán 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconแบ่งปัน
 
ทุกตอน

×
 
Loading …

ขอต้อนรับสู่ Player FM!

Player FM กำลังหาเว็บ

คู่มืออ้างอิงด่วน